Matamaitic Os Ard
– Gnáthaimh Baile
Ag déanamh níocháin
Agus tú ag níochán, déan sórtáil de réir cosúlachtaí agus difríochtaí – dathanna agus méideanna
Ag glanadh ceantair
Cé na rudaí a bhaineann le chéile agus cén fáth? Má tá bosca agat, an dtéann sé isteach i rud éigin eile, faoi, os a chionn, nó taobh istigh de rud éigin eile? An dtéann rudaí den chruth céanna le chéile? An bhfuil áit speisialta ann do rudaí cruinne nó do rudaí triantánacha? Cé na bréagáin a bhaineann le chéile?
Ag dul a chodladh agus ag éirí suas
Oireann an dá chás seo do phlé a dhéanamh ar rudaí a dhéanamh in ord, agus cleachtadh a dhéanamh ar fhocail mar an chéad, an dara, an tríú, an ceann deireanach, agus an chéad cheann eile. Cá dtéann éadaí salacha? Conas a chinneann tú cé na héadaí ba chóir duit a chaitheamh le chéile nuair a ghléasann tú tú féin?