Céim 5: Is féidir liom comhaireamh go dtí 100!
Sa Chéim seo, téann an comhaireamh ar aghaidh go dtí na huimhreacha trí dhigit thar 100. Éiríonn na coincheapa maidir le luach áite níos tábhachtaí, agus is féidir le húsáid foirm leathnaithe d’uimhreacha go leor de na smaointe seo a dhéanamh níos soiléire. Anois go bhfuil máistreacht faighte ar shuimiú agus ar dhealú aon-dhigit, tá sé in am iolrú agus roinnt aon-dhigit a fhoghlaim.