ábhar-íomhá

Gníomhaíochtaí do Theaghlaigh

Roimhe Seo: Léarscáil Taisce Ar Aghaidh: Cén Cruth atá Orm?

Ag Cur Síos ar Radharcanna

Gníomhaíocht, Céim 1 – Cruthanna Anaithnid

An socrú

Déan bacainn shimplí idir an dá imreoir ionas nach féidir leo obair a chéile a fheiceáil. Rogha eile is ea oibriú siar ar ais. Bíonn píosa páipéir agus an tsraith chéanna pinn luaidhe, crián nó pinn daite ag gach duine.

Tarraingíonn duine amháin cruthanna (amhail ciorcail, triantáin, cearnóga agus dronuilleoga) i ndathanna agus i ngrúpaí i suíomhanna ar leith ar a bpáipéar. Tugann an duine sin treoracha ansin don duine eile le leanúint chun an líníocht chéanna a dhéanamh.

Ag an deireadh, baintear an bacainn agus déantar comparáid idir an dá líníocht (de ghnáth le go leor gáire). Déanann na himreoirí comparáid idir smaointe maidir le cé na treoracha labhartha a d’oibrigh agus cé na cinn nár oibrigh.